a bhíonn ar siúl ar feadh 3 lá. Bíonn go leor ceoltóirí den scoth as Éirinn, an Eoraip, an Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus níos faide ó bhaile ag an bhFéile. Tá cáil bainte amach acu ar fad le Ceol Bluegrass, Seancheol tíre Meiriceánach agus Ceol Tíre.
Bunaíodh Féile Ceol Tíre & Bluegrass Chathair na Mart (WFBF) in 2007 chun go mbeadh níos mó deiseanna ag an bpobal ceol na hÉireann agus ceol Stáit Aontaithe Mheiriceá a fheiceáil agus a chloisteáil. Bliain i ndiaidh bliana, bíonn méadú ag teacht ar an gclár agus ar an lucht féachána agus bíonn níos mó éagsúlachta ann. Mar thoradh air seo, ní hamháin gurb é an príomh-imeacht Bluegrass in Éirinn é ach tá sé aitheanta mar imeacht atá ríthábhachtach le hardán a thabhairt do cheoltóirí Éireannacha san Iarthar le seinm ann.
Is imeacht uathúil é inár féidir leis na ceoltóirí agus leis an lucht féachana teacht le chéile agus oibriú lena chéile agus a dtraidisiúin ceoil a fhorbairt. Tá sé le feiceáil go bhfuil ag éirí go hiontach leis an bhféile mar go bhfuil ceoltóirí den scoth sásta teacht go dtí an áit mheasartha iargúlta seo le seinm ag an bhféile. Tá sé le feiceáil freisin i líon na gcuairteoirí a thagann ar ais gach bliain ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, ón Ríocht Aontaithe, ón Eoraip agus ó Éirinn agus tá an-chion ag an bpobal áitiúil ar an bhféile.