FÉILE CEOL TÍRE & BLUEGRASS CHATHAIR NA MART

6-8 MEITHEAMH 2025

Príomhfhéile boutique ceol tíre agus Bluegrass in Éirinn. Bíonn ceol tíre agus bluegrass den scoth ann gach Meitheamh i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo

Croílár an cheoil tíre & an cheoil bluegrass in Éirinn

Is imeacht boutique é Féile Ceol Tíre & Bluegrass Chathair na Mart a bhíonn ar siúl ar feadh 3 lá. Bíonn go leor ceoltóirí den scoth as Éirinn, an Eoraip, an Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus níos faide ó bhaile ag an bhFéile. Tá cáil bainte amach acu ar fad le Ceol Bluegrass, Seancheol tíre Meiriceánach agus Ceol Tíre.

Bíonn an fhéile ar siúl ar feadh 3 lá ag tús mhí an Mheithimh. Is iad na príomh-imeachtaí ná na ceolchoirmeacha a bhíonn ar siúl gach oíche. Is gá ticéad a fháil le freastal orthu agus bíonn gach duine ina suí. Bíonn aoi-cheoltóirí den scoth ann gach oíche a bhaineann le seánra áirithe mar shampla Seancheol agus Bluegrass (Dé hAoine & Dé Sathairn) agus Ceol tíre na hÉireann (Dé Domhnaigh).

Cairde na Féile

Join us in the West of Ireland

A small but fierce festival deeply rooted in the town of Westport.